Fáilte d’Oíche Chultúir 2020 Club Chonradh na Gaeilge
Mar is eol daoibh uilig, is trua nach bhfuil muid i dteannta a chéile anocht agus deoch inár lámh again ach ní fada linn go mbeidh sé ar ár gcumas bualadh isteach ar Chlub Chonradh na Gaeilge amach anseo!
Ár mbuíochas leis na healaíontóirí uile atá le feiceáil sa bhfíseán:
– Niamh Ní Chróinín (Bean an Tí)
– Róisín Seoighe ‘Saor’
– Ciara Ní É ‘Seasamh na Mná Galánta’
– Junior Brother ‘Coping’
– Andrew Jackson ‘Greenfields of Rosbeigh’
– Sam Ó Fearraigh ‘Mise Aerach’
– Tadhg ‘Coleslaw’
– Ruairí Ó Fríl ‘An Phatrún’
– Deoraí ‘Páiste Bocht’
– Colm Mac Con Iomaire ‘Nead an Dreoilín’
Tá Club Chonradh na Gaeilge á rith go deonach ag pobal na Gaeilge agus curtha ar fáil do Chonradh na Gaeilge le breis agus 50 bliain, agus tá bhur dtacaíocht leanúnach de dhíth orainn anois níos mó ná riamh roimhe seo.
Molaim go láidir bualadh isteach, pionta a ól agus sult a bhaint ón gcomhluadar sin (go sábháilte) in Uimhir 6 Sráid Fhearchair nuair a bheas an deis agat.
Beidh gach eolas faoin athoscailt ar fáil ar na meán sóisialta nó ar anclub.ie
*Buíochas le Cóilín Ó Cearbhaill as an bhfíseán seo a chur le chéile dúinn*
คลิ๊กเพื่อดูต้นฉบับ